Cosán nascleanúna
an BhulgáirBliain iontrála san AE: 2007
Príomhchathair: Sóifia
Achar iomlán: 111,910 km²
Daonra: 7.6 milliún
Airgeadra: lev (лв)
Limistéar Schengen: Níl ina ball de Schengen
Ag croí na mBalcán di, tá tírdhreach an-éagsúil ag an mBulgáir: sa tuaisceart tá ísealchríocha móra na Danóibe agus sa deisceart tá ardchríocha agus machairí arda. San oirthear, meallann cósta an Mara Duibhe turasóirí an bhliain go léir.
Bunaíodh i 681 í, agus tá an Bhulgáir ar cheann de na stáit is sine san Eoraip. Chuaigh a hionad gar do theorainn na hEorpa is na hÁise i gcion ar a stair. Críostaithe ceartchreidmheacha is ea timpeall 85% den daonra agus Moslamaigh is ea 13%. De bhunadh Turcach thart ar 10% den daonra agus Romaigh is ea 3%. Ar an dul céannna, meascán den oirthear is den iarthar iad a cuid mias. Iógart an bia Bulgárach is cáiliúla, is cosúil, gona chuid buanna fadsaoil dóibh siúd a itheann go rialta é.
I dTionól Náisiúnta na Bulgáire (parlaimint aonseomra) tá 240 ball, a thoghtar do thréimhse ceithre bliana.
Táirgí tionsclaíocha éadroma, bianna agus fíonta, atá inchomórtais ar mhargaí na hEorpa, príomh-onnmhairithe na Bulgáire.
Beidh aithne ag lucht leanúna ceoil tíre ar roinnt ceoltóirí Bulgáracha. Cuireadh amhrán tíre Bulgárach ar Cheirnín Órga Voyager, a chuir NASA sa chianspás. Ar na Bulgáraigh cháiliúla áirítear Julia Kristeva, Elias Canetti, buaiteoir Dhuais Nobel don litríocht i 1981, agus Christo Javachev (“Christo”), a chruthaigh a lán dealbh allamuigh neamh-ghnácha.



