Cosán nascleanúna
an BheilgBliain iontrála san AE: Ball bunaithe (1952)
Príomhchathair: an Bhruiséil
Achar iomlán: 30,528 km²
Daonra: 10.7 milliún
Airgeadra: Ball de limistéar an euro ó 1999 (€)
Limistéar Schengen: Ball de limistéar Schengen ó 1985
Stát cónaidhme is ea an Bheilg ina bhfuil trí réigiún: Flóndras na hOllainnise sa tuaisceart, Wallonia na Fraincise sa deisceart agus an Bhruiséil, an phríomhchathair dhátheangach, ina bhfuil stádas oifigiúil ag Fraincis is Ollainnis araon. Fairis sin, tá mionlach beag 70 000 Gearmáiniseoir in oirthear na tíre.
Is éagsúil go mór tírdhreach na Beilge: 67 ciliméadar de chósta mara is de mhachairí leactha le cósta na Mara Thuaidh, ardchlár lárnach agus cnoic réchnocacha is foraoisí réigiún na nArdennes thoir ó dheas.
Tá an Bhruiséil mar óstach ar roinnt eagras idirnáisiúnta: anseo atá formhór na n-institiúidí Eorpacha chomh maith le ceanncheathrú ECAT.
Agus í neamhspleách ó 1830, monarcacht bhunreachtúil is ea an Bheilg. Sa dá theach Parlaiminte tá Teach na nIonadaithe, a dtoghtar a bhaill d'uastéarma ceithre bliana, agus Seanad nó teach uachtarach, a dtoghtar nó a gcomhthoghtar a bhaill. Agus a déanamh polaitiúil san áireamh, is gnách gur comhrialtais a bhíonn i mbun na Beilge.
I measc na mBeilgeach is cáiliúla tá Georges Rémi (Hergé), cruthaitheoir an stiallghreannáin Tintin, na scríbhneoirí Georges Simenon agus Hugo Claus, an cumadóir is amhránaí Jacques Brel agus an rothaí Eddy Merckx. Is iad na healaíontóir James Ensor, Paul Delvaux agus René Magritte comharbaí an lae inniu ar Rubens is ar na máistrí eile Pléimeannacha anallód.
Tá clú agus cáil ar an mBeilg as a seacláidí, ar bhfuil tóir orthu ar fud an domhain. Rogha bia is ea diúilicíní is sceallóga prátaí (sceallóga Francacha). Dar leis an bhfinscéal, sa Bheilg a fionnadh iad. Fairis sin, táirgeann an tír breis is 1 000 branda beorach.








