Is ceadmhach do thír ar bith a shásaíonn na coinníollacha ballraíochta ![]()
![]()
iarratas a dhéanamh. ‘Critéir Chóbanhávan’ a thugtar ar na coinníollacha seo agus áirítear orthu geilleagar saoriomaíochta, daonlathas cobhsaí agus riail an dlí, agus glacadh le gach cuid de reachtaíocht an AE, an euro ar áireamh.
Tír ar bith ar mian léi teacht leis an AE, cuireann sí iarratas ar bhallraíocht faoi bhráid na Comhairle, a iarrann ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chumas an iarrthóra critéir Chóbanhávan a chomhlíonadh. Más dearfach í tuairim an Choimisiúin, ní mór don Chomhairle sainordú caibidlíochta a aontú. Ina dhiaidh sin osclaítear idirbheartaíocht ![]()
![]()
go foirmiúil ar bhonn ábhar i ndiaidh ábhair.
I ngeall ar an líon ollmhór rialacha agus rialachán de chuid an AE nach mór do gach tír is iarrthóir a ghlacadh mar dhlí náisiúnta, tógann sé roinnt ama an idirbheartaíocht a thabhairt chun críche. Faigheann na hiarrthóirí tacaíocht airgeadais ![]()
![]()
, riaracháin agus teicniúil ![]()
![]()
le linn na tréimhse aontachais seo ![]()
![]()
.






















