Ní raibh an AE chomh mór i gcónaí agus atá sé anois. Nuair a cuireadh tús le comhar eacnamaíoch idir tíortha Eorpacha sa bhliain 1951, ba iad an Bheilg, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír amháin a bhí rannpháirteach.
Le himeacht ama, chinn líon mór tíortha eile ar dhul leis . Shroich an t-aontas a mhéid reatha de 27 mballtír nuair a tháinig an Rómáin agus an Bhulgáir leis an 1 Eanáir 2007.
Leanfaidh an AE air ag méadú de réir mar a chuireann tíortha eile in iúl gur mhaith leo bheith ina mbaill . D’fhéadfaí na tíortha seo a roinnt idir thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí féideartha . Tá an chéad dream 'ag trasuí’ (nó ag comhtháthú) reachtaíocht an AE ina ndlí náisiúnta, ach ní chomhlíonann na tíortha is iarrthóirí féideartha na riachtanais do bhallraíocht san AE go fóill .






















