Cosán nascleanúna

an Tuircan Tuirc

Príomhchathair: Ankara

Achar iomlán: 780,580 km²

Daonra: 71.5 milliún

Airgeadra: lira na Tuirce (TRY)

Limistéar Schengen: Níl ina ball de Schengen

an Tuirc

Tá éagsúlacht shaibhir chultúrtha agus eitneach ag an Tuirc, atá ag crosbhóthar na hEorpa is na hÁise. Mar chuid dá stair tá na Hitigh, tréimhsí na nGréagach is na Rómhánach (nuair a thug Naomh Pól an Chríostaíocht chuici), an Bhiosáint agus Impireacht na nOtamánach. Bunaíodh nua-Phoblacht na Tuirce i 1923 mar stát saolta iartharach. Moslamaigh is ea beagnach 99% den daonra. Tá daonra suntasach Coirdíneach in oirdheisceart na tíre.

In 330 AD, deineadh príomhchathair Impireacht na Biosáinte, leath thoir Impireacht na Róimhe, de Chathair Chonstaintín (Iostanbúl an lae inniu), atá ar an mBosparais idir an Mhuir Dhubh agus an Mheánmhuir.

I measc seoda ailtireachta na Tuirce tá moscanna Selimiye agus Suleymaniye agus an eaglais le clú domhanda Naomh Sophia, ar deineadh mosc de faoi na hOtamánaigh agus gur iarsmalann anois í. Is mór í tóir na dturasóirí ar oidhreacht ollmhór seandálaíochta na tíre. I mbarr a ré, ba í Impireacht na nOtamánach an phríomhchumhacht sa Mheánmhuir thoir is theas agus sa Mheánoirthear.

Tá cócaireacht na Tuirce bunaithe ar an uaineoil, agus is minic freisin iógart bainne gabhair, go háirithe measctha le lus na bó, gairleog nó mismín. Tá traidisiún fada ann caife a ól agus is breá le daoine teacht le chéile i dtithe caife.

I measc na dTurcach clúiteach tá bunaitheoir na nua-Thuirce, Mustafa Kemal Atatürk an t-úrscéalaí a bhuaigh Dusis Nobel, Orhan Pamuk.

Useful links

  • Toscaireacht an AE chuig an Tuirc en
  • Mórthionól Náisiúnta na Tuirce en
  • Faisnéis do thurasóirí en

TEAGMHÁIL

Eolas ginearálta – fiosruithe

Glaoigh ar
00 800 6 7 8 9 10 11 Féach mionsonraí na seirbhíse

Cuir do cheisteanna chugainn ar r-phost

Sonraí teagmhála agus cuairte d'institiúidí, teagmhálacha preasa

an Tuirc

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?