Cosán nascleanúna
MontainéagróPríomhchathair: Podgairítse
Achar iomlán: 14,026 km²
Daonra: 0.6 milliún
Airgead Reatha: euro (€)
Limistéar Schengen: Níl ina ball de Schengen

Tá Montainéagró ar cheann de na tíortha is nua san Eoraip - in 2006 a cruthaíodh í.
Tá oidhreacht shaibhir na tíre sofheicthe inniu – bíodh sin sna seanbhailte dea-chaomhnaithe, sna leachtanna reiligiúnacha nó sa chócaireacht náisiúnta.
Cé nach ceann scríbe aitheanta do thurasóirí fós é, tá méadú mór ar líon na ndaoine a thagann ar cuairt ó cuireadh isteach i roinnt liostaí ‘áiteanna infheicthe’ é.
'Sliabh dubh' is ciall leis an ainm ‘Montenegro’, agus is dócha gurb iad coillte dubha tiubha Shliabh Lovćen sna meánaoiseanna is bun leis. Níl siadsan chomh dlúth is a bhíodh, ach is iomaí craobh aonaigh infheicthe i Montainéagró, in ainneoin laghad na tíre. Tá thart ar leath na tíre faoi fhoraois fós, agus baineann cuaiteoirí agus áitiúlaigh araon taitneamh as an gcósta Aidriadach, na hísleáin agus na sléibhte arda. Tá cainneon Abhainn na Tara ar an gceann is doimhne agus is sia san Eoraip, agus ar an dara ceann is sia ar domhan.
Tá mórthábhacht leis an turasóireacht i ngeilleagar Mhontainéagró, agus is in earnáil na seirbhísí go ginearálta atá an chuid is mó den OTI. Ón tionsclaíocht (táirgeadh alúmanaim agus cruach) is ón talmhaíocht is mó a thagann an chuid eile.