Cosán nascleanúna

an Íoslainnan Íoslainn

Príomhchathair: Réicivíc

Achar iomlán: 103,000 km²

Daonra: 0.3 milliún

Airgeadra: króna na hÍoslainne (kr)

Limistéar Schengen: Ball de limistéar Schengen ó 1996

an Íoslainn

Tá clú agus cáil ar an Íoslainn as a háilleacht nádúrtha agus a tírdhreacha fairsinge nár milleadh. Cruthaíonn na bolcáin agus na hoighearshruthanna comhshaol nádúrtha uathúil, iontach. Bíonn éileamh ar úsáid na bhfoinsí geoiteirmeacha nádúrtha mar spánna agus linnte snámha faoin aer, agus is mór an díol spéise do thurasóirí iad.

Meallann iascaireacht, raftú abhann agus turais easbhóthair 4x4 na sluaite turasóirí gach bliain. San 8ú haois a tháinig na chéad lonnaitheoirí go dtí an Íoslainn.

B'as an Iorua dóibh nó ba dhaoine Ceilteacha as Éirinn agus an Bhreatain Mhór dóibh. Bhí rath orthu mar phobal neamhspleách ar feadh na gcéadta bliain agus rinne siad cur síos ar a gcuid eachtraí i leabhair staire ar ghlaoigh siad 'ságaí' orthu. B'fhéidir gur san Íoslainn atá an daonlathas parlaiminteach is sine ar domhan mar is i i 930 a bunaíodh a parlaimint.

An Althingi a thugtar ar an bparlaimint agus toghtar 63 comhalta na parlaiminte gach ceithre bliana. Tá an geilleagar bunaithe ar iascaireacht, ar thionsclaíocht a shaothraíonn fuinneamh in-athnuaite ó na foinsí teo (go háirithe tionscal an alúmanaim) nó ar sheirbhísí nua-aimseartha atá bunaithe ar TF.

hí tionchar ag tírdhreach na tíre ar fhormhór amharcealaíona na hÍoslainne. Tá éileamh fós ar cheol tíre, agus ar phopcheol chomh maith. I measc na n-onnmhairí cáiliúla tá Björk, Na Sugarcubes agus Sigur Rós.

Useful links

  • Toscaireacht an AE chuig an Íoslainn en
  • Oifigí Rialtas na hÍoslainne en
  • Faisnéis do thurasóirí dadeenesfritnlsv

TEAGMHÁIL

Eolas ginearálta – fiosruithe

Glaoigh ar
00 800 6 7 8 9 10 11 Féach mionsonraí na seirbhíse

Cuir do cheisteanna chugainn ar r-phost

Sonraí teagmhála agus cuairte d'institiúidí, teagmhálacha preasa

an Íoslainn

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?