Cosán nascleanúna
Poblacht Iar-Iúgslavach na MacadóinePríomhchathair: Scóipé
Achar iomlán: 25,433 km²
Daonra: 2.05 milliún
Airgeadra: denar (ден)
Limistéar Schengen: Níl ina ball de Schengen
Fuair Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine neamhspleáchas i 1991 nuair an thit an Iúgslaiv as a chéile. Tir thalamhiata i lár na mBalcán is ea í, le sléibhte, gleannta agus imchuacha doimhne. Tá Loch Ohrid, a bhfuil cuid de san Albáin, ar cheann de na lochanna is sine ar domhan.
Macadónaigh eitneacha is ea dhá thrian den daonra, ach tá mionlach suntasach Albánach agus mionlaigh níos lú Turcach is Romach.
Sa pharlaimint aonseomra, nó an Sobranie , tá 120 ball a thoghtar do théarma ceithre bliana. Tá cumhachtaí teoranta ag an Uachtarán, a thoghtar do théarma cúig bliana trí vótáil chomhchoiteann.
Tá acmhainní mianraí ag an tír, ar a n-áirítear iarnmhian, umha, luaidhe agus sinc. Teicstílí an earnáil trádála is suntasaí, is ionann iad agus breis is leath na n-onnmhairithe uile. I measc na n-onnmhairithe tábhachtacha eile tá iarann, cruach, fíon agus glasraí.
Sa chócaireacht áitiúil faightear sainbhianna amhail muiceoil ainíse, colúr pulctha agus an leagan áitiúil de shailéad shopska (arna bhunú ar thrátaí, lus na bó agus cáis caora) a fhaightear ar fud na mBalcán.