Tá bratach na hEorpa comhdhéanta de 12 réalta órga i gciorcal, ar chúlra gorm. Siombail is ea na réaltaí ar bharrshamhaileacha na haontachta, na dlúthpháirtíochta agus an chomhchuibhithe i measc phobail na hEorpa.
Níl aon bhaint ag líon na réaltaí le líon na mballtíortha, ach is siombail ar aontacht í an ciorcal.
Stair bhratach na hEorpa
Téann stair bhratach na hEorpa siar go dtí 1955. Ghlac Comhairle na hEorpa ![]()
![]()
![]()
- ag cosaint chearta an duine agus ag cur chultúr na hEorpa chun cinn - an dearadh atá ann anois chun a húsáide féin.
Sna blianta ina dhiaidh sin, spreag Comhairle na hEorpa na hinstitiúidí Eorpacha a bhí ag teacht chun cinn chun glacadh leis an bhratach chomh maith.
Sa bhliain 1983, ghlac Parlaimint na hEorpa leis an bhratach. Sa bhliain 1985, ghlac gach ceannaire de chuid an AE léi mar fheathal oifigiúil an Aontais Eorpaigh (ar tugadh na Comhphobail Eorpacha air ag an am). Úsáideann gach institiúid Eorpach feathal dá gcuid féin anois.























