Doirse oscailte in institiúidí an AE
Le Lá na hEorpa a cheiliúradh, osclóidh institiúidí an AE a gcuid doirse don phobal go luath i mí na Bealtaine sa Bhruiséil agus in Strasbourg. In oifigí áitiúla an AE san Eoraip agus ar fud an domhain eagraítear gníomhaíochtaí agus imeachtaí éagsúla don uile aois.
Gach bliain glacann na mílte duine páirt i dturais, díospóireachtaí, ceolchoirmeacha, agus imeachtaí eile leis an lá a chomóradh agus le feasacht faoin AE a mhúscailt.
Cad tá ar siúl i mbliana?
Doirse Oscailte na Bruiséile: 4 Bealtaine 2013, 10:00 - 18:00
-
-
Osclóidh Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Chomhairle Eorpach a gcuid doirse don phobal. Tar chugainn agus feicfidh tú an áit ina ndéanann Cinn Stáit agus Rialtais Bhallstáit an AE a gcinntí.
-
-
-
-
-
-
Cá bhfaighidh saoránaigh agus eagraíochtaí cabhair má tá fadhbanna acu le riarachán an AE? Tabhair cuairt ar sheastán an Ombudsman Eorpaigh (laistigh den Pharlaimint) agus bí ar an eolas!
-
Seo deis bualadh le hiniúchóirí an AE. Faigh amach conas a chosnaíonn siad leasanna airgeadais shaoránaigh an AE agus mar a éascaíonn siad obair an AE. Tabhair cuairt ar sheastán Chúirt Iniúchóirí na hEorpa in Asplanád Pharlaimint na hEorpa.
Íoslódáil an clár iomlán don Bhruiséil
Doirse Oscailte Strasbourg: 19 Bealtaine 2013, 10:00 - 18:00
-
-
Cá bhfaighidh saoránaigh agus eagraíochtaí cabhair má tá fadhbanna acu le riarachán an AE? Tabhair cuairt ar sheastán an Ombudsman Eorpaigh (laistigh den Pharlaimint) agus bí ar an eolas!
-
Seo deis bualadh le hiniúchóirí an AE. Faigh amach conas a chosnaíonn siad leasanna airgeadais shaoránaigh an AE agus mar a éascaíonn siad obair an AE. Tabhair cuairt ar sheastán Chúirt Iniúchóirí na hEorpa i bhfoirgneamh Winston Churchill.
Íoslódáil an clár iomlán do Strasbourg
Faigh amach faoi ghníomhaíochtaí Lá na hEorpa ar fud na hEorpa
Gníomhaíochtaí Lá na hEorpa sna tíortha seo a leanas:
- Roghnaigh tír
- An Eastóin
- An Fhionlainn
- An Fhrainc
- An Iodáil
- An Liotuáin
- An Ostair
- An Phortaingéil
- An Spáinn - Maidrid
- An Spáinn - Barcelona
- An tSlóvaic
- An tSlóivéin
- An tSualainn
- An Ungáir
- Éire
- Lucsamburg
- Málta
Gníomhaíochtaí Lá na hEorpa ar fud na cruinne
Eagróidh Toscaireachtaí an AE gníomhaíochtaí i gcomhar le hambasáidí na mBallstát ina dtíortha aíochta faoin téama an Eoraip sa Domhan Mór. Trí léachtaí, comórtais, féilte scannán agus ócáidí eile, léireofar scoth na hEorpa.
Cad chuige Lá na hEorpa?
Lá na hEorpa (9 Bealtaine) déantar ceiliúradh ar shíocháin agus ar aontacht san Eoraip. Is cothrom an lae sin a tugadh 'dearbhú stairiúil Schuman'. Ag óráid i bPáras in 1950, rinne aire gnóthaí eachtracha na Fraince, Robert Schuman, an smaoineamh a bhí aige do chomhar nua polaitiúil san Eoraip a leagan amach, rud a chinnteodh nach smaoineofaí go deo arís ar chogadh idir náisiúin na hEorpa.
Ba é an fhís a bhí aige institiúid Eorpach a chruthú a dhéanfadh comhthiomsú agus bainistiú ar tháirgeadh guail agus cruach. Síníodh conradh lenar cruthaíodh an comhlacht sin bliain níos déanaí nó geall leis. Beidh institiúidí an AE ag oscailt a ndoirse don phobal.
Físeán de lá na ndoirse oscailte, 2012:
Póstaeir Lá na hEorpa 1996-2013
Gach bliain, roghnaítear an póstaer is fearr a léiríonn brí an AE le seasamh do Lá na hEorpa. Caith súil ar bhuaiteoirí blianta eile sna póstaeir thíos.








































