Siombail is ea an t-aintiún ní hamháin ar an Aontas Eorpach ach ar an Eoraip féin, i gciall níos leithne. Léiriú is ea an dán “Ode to Joy” ar fhís idéalaíoch Schiller den chine dhaonna ag teacht chun bheith mar aon chlann amháin – fís a bhí ag Beethoven chomh maith.
Ghlac Comhairle na hEorpa téama “Ode to Joy” le Beethoven mar a haintiún sa bhliain 1972. Sa bhliain 1985, ghlac ceannairí an AE é mar aintiún oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Aintiún gan aon fhocail, i dteanga uilíoch an cheoil, is ea an t-aintiún seo a chuireann in iúl barrshamhaileacha Eorpacha na saoirse, na síochána agus na dlúthpháirtíochta.
Níl an t-aintiún Eorpach ceaptha chun áit aintiúin náisiúnta thíortha an AE a ghlacadh ach chun ceiliúradh a dhéanamh ar na luachanna atá acu i bpáirt.
Éist leis an Aintiún Eorpach
Tá an t-aintiún á sheinm ag Ceolfhoireann Gaothuirlisí Óige an Aontais Eorpaigh faoi stiúir André Reichling. Taifeadadh é sa bhliain 1994 ag an Teatro da Trindade, Liospóin. Ba é Herbert von Karajan a rinne an leagan ceoil.*
*Coimeádann léiritheoir agus úinéir an tsaothair atáirgthe gach ceart chucu féin.






















