Tá foinsí éagsúla ioncaim ag an AE chun a riarachán agus a ghníomhaíochtaí a mhaoiniú agus a chumasú dó a spriocanna a bhaint amach i dtaca le éagothromachtaí eacnamaíochta idir réigiúin a laghdú agus ceantair thuaithe a fhorbairt. Bailíonn na balltíortha an t-airgead thar ceann an AE.
Seo a leanas na trí phríomhfhoinse fáltas:
- 0.73% d’ollioncam náisiúnta gach balltíre, arb ionann é agus dhá thrian de bhuiséad an AE. Ríomhtar ranníocaíocht gach tír de chuid an AE ar bhonn dlúthpháirtíochta agus acmhainneacht chun íoctha. Déantar coigeartú, áfach, má chuireann sé sin ualach iomarcach ar thír ar bith.
- Acmhainní ar a dtugtar acmhainní traidisiúnta na dtíortha féin, go príomha dleachta ar allmhairí a ghearrtar ar tháirgí ó lasmuigh den AE
- Céatadán d’ioncam cáin bhreisluacha (CBL) comhchuibhithe gach tír de chuid an AE.
Lena chois sin, faigheann an AE cánacha a íocann foireann an AE ar a dtuarastail, ranníocaíochtaí ó thíortha nach tíortha de chuid an AE iad le cláir áirithe de chuid an AE agus fíneálacha ó chuideachtaí a sháraíonn dlíthe agus rialacháin an AE.
An buiséad Eorpach in 2011
Níl i ranníocaíocht na mBallstát le buiséad an AE ach cuid bheag dá gcaiteachas iomlán.
Buiséad an AE i gcomparáid le buiséid na mBallstát
Cé gur buiséad beag atá i mbuiséad an AE i gcomparáid le holltáirgeacht intíre an Aontais, is fíorluachmhar é ó thaobh infheistíochta de.
























