Dréachtú an bhuiséid
Comhchinneadh de chuid an Choimisiúin, na Comhairle agus na Parlaiminte is ea an buiséad ![]()
![]()
. Cuireann an Coimisiún dréacht-phlean caiteachais faoi bhráid na Comhairle agus na Parlaiminte dá mbreithniú. Féadfaidh siad athruithe a dhéanamh air, agus má easaontaíonn siad, féadfaidh siad iarracht a dhéanamh teacht ar chomhréiteach.
Cuid de phlean fadtéarmach caiteachais ar a dtugtar an ‘creat airgeadais’ is ea an buiséad gach bliain. Creat seacht mbliana is ea é, agus téann an ceann reatha ó 2007-2013. Ceadaíonn sé don AE cláir chaiteachais a phleanáil go héifeachtach ar feadh roinnt blianta roimh ré.
Léigh tuilleadh faoi nós imeachta buiséadach an AE
Bainistiú chistí an AE
Ar deireadh is é an Coimisiún atá freagrach as chionroinnt an bhuiséid. Bíodh sin mar atá, bainistíonn tíortha an AE 76% de chistí an AE. I gcásanna calaoise nó íocaíochtaí míchuí, oibríonn an Coimisiún leis an oifig frithchalaoise Eorpach agus le tíortha an AE chun an t-airgead a aisghabháil. Chun trédhearcacht a chinntiú, tá eolas ar thairbhithe chistí an AE ar fáil don phobal.
Mar a chaitear an t-airgead
Sé réimse chaiteachais nó mar sin atá i mbuiséad an AE. ![]()
![]()
.

I láthair na huaire caitear an sciar is mó ar chothú an fháis agus ar chruthú post agus ar na bearnaí eacnamaíocha idir réigiúin a laghdú. Caitear sciar mór eile ar thalmhaíocht, ar fhorbairt na tuaithe, ar iascach agus ar chaomhnú an chomhshaoil. Réimsí caiteachais eile is ea an troid in aghaidh na sceimhlitheoireachta, na coireachta eagraithe agus na hinimirce mídhleathaí.






















