comhar airgeadaíochta an AE
I gceist san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta tá comhordú ar bheartais eacnamaíocha agus airgid, comhbheartas airgeadaíochta agus an euro mar chomhairgeadra. Seoladh an euro an 1 Eanáir 1999 mar airgeadra fíorúil le haghaidh íocaíochtaí gan airgead tirim agus chun críocha cuntasaíochta. Tugadh nótaí bainc agus boinn isteach an 1 Eanáir 2002.
Cé na tíortha a úsáideann an euro?
Is é an euro (€) airgeadra oifigiúil 17 de 27 bhallstát an AE. Is iad na tíortha seo, a dtugtar Limistéar an Euro orthu:
- An Ostair
- An Bheilg
- An Chipir
- An Eastóin
- An Fhionlainn
- An Fhrainc
- An Ghearmáin
- An Ghréig
- Éire
- An Iodáil
- Lucsamburg
- Málta
- An Ísiltír
- An Phortaingéil
- An tSlóvaic
- An tSlóivéin
- An Spáinn
Tuilleadh eolais faoi Bhallstáit an AE agus faoin euro.
Baineann os cionn 175 mhilliún duine ar fud an domhain úsáid as airgeadraí atá ceangailte leis an euro.
Cuspóir an euro
Is iomaí buntáiste a ghabhann le hairgeadra aonair, ar nós deireadh a chur le rátaí luaineacha malartaithe agus le costais malartaithe. Toisc gur fusa do chuideachtaí trádáil trasteorann a dhéanamh agus gur cobhsaí an geilleagar, fásann an geilleagar agus bíonn rogha níos fearr ag tomhaltóirí. Spreagadh is ea comhairgeadra do dhaoine freisin dul ag taisteal agus ag siopadóireacht i dtíortha eile. Ar leibhéal domhanda, tugann an euro tionchar níos mó don AE, toisc gurb é an dara airgeadra idirnáisiúnta is tábhachtaí, i ndiaidh dhollar na Stát Aontaithe.
Bainistiú an euro
le go mbeidh ar a gcumas a gcuid gníomhaíochtaí um chobhsaíocht, um fhás agus um fhostaíocht a chomhordú.An Ghéarchéim Gheilleagrach agus Airgeadais
Ó tháinig sé chun cinn ar fud an domhain sa bhliain 2008 ghríosaigh an ghéarchéim gheilleagrach
rialtais náisiúnta an AE, an Banc Ceannais Eorpach agus an Coimisiún chun dianbheart marthanach a dhéanamh. Tá gach institiúid díobh ag oibriú as lámha a chéile chun tacú le fás agus le fostaíocht, coigilteas a chosaint, sreabhadh creidmheasa inacmhainne a choimeád do ghnóthais agus do theaghlaigh, cobhsaíocht airgeadais a chinntiú, agus chun córas rialachais níos fearr a chur i bhfeidhm don todhchaí.





















