Cosán nascleanúna

  • Conas a oibríonn an AE?
    • BUNEOLAS
    • INSTITIÚIDÍ, GNÍOMHAIREACHTAÍ IS COMHLACHTAÍ EILE AN AE
    • AG OBAIR DON AE AGUS LEIS

Buneolas faoin Aontas Eorpach

Comhpháirtíocht uathúil gheilleagrach is pholaitiúil idir 27 tír Eorpach, ina bhfuil formhór na mór-roinne, is ea an AE.

Tar éis an Dara Cogadh Domhanda a cruthaíodh é. Comhar geilleagrach a chothú, b'shin an chéad chéim: measadh gur mó an seans go seachnóidh tíortha cogadh má bhíonn siad ag trádáil lena chéile is ag brath ar a chéile go geilleagrach. Ba é a thoradh cruthú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE), sa bhliain 1958, rud a mhéadaigh, ar dtús, an comhar eacnamaíochta idir sé cinn de thíortha: an Bheilg, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír. Tá margadh aonair ollmhór cruthaithe ó shin i leith agus tá sé fós ag forbairt i dtreo a lánacmhainneachta.

Aontas a thosaigh mar aontas eacnamaíochta amháin, tá sé tar éis teacht chun bheith ina eagraíocht don uileréimse pholaitiúil, ó cúnamh forbartha go cúrsaí comhshaoil. Léiriú air sin is ea an t-athrú ainm ó CEE go dtí an tAontas Eorpach (an AE) sa bhliain 1993.

Thug sé leathchéad den tsíocháin, den chobhsaíocht is den rath, chabhraigh sé chun caighdeáin mhaireachtála a ardú, is sheol sé airgeadra aonair na hEorpa. A bhuí le díothu na rialuithe teorann idir thíortha an AE, tá saorchead taistil ag daoine ar fhormhór na mór-roinne. Agus fairis sin, is fusa go mór anois cónaí is oibriú thar lear san Eoraip.

Ar an smacht reachta atá an AE bunaithe. Is é sin, gur ar bhonn conarthaí a dhéanann sé gach a ndéanann sé, conarthaí lenar aontaigh na ballstáit uile go toildheonach is go daonlathach. Na comhaontuithe ceangailteacha sin a shocraíonn cuspóirí an AE san iliomad réimse gníomhaíochta aige.

Cearta an duine a chothú, go hinmheánach is ar fud an domhain, sin ceann dá phríomhchuspóirí. Dínit an duine, saoirse, daonlathas, comhionannas, an smacht reachta agus meas ar chearta an duine: sin iad lárluachanna an AE. Ó síníodh Conradh Liospóin in 2009, tugann Cairt na mBuncheart na cearta uile sin le chéile i gcáipéis amháin. Tá de cheangal dlí ar institiúidí an AE iad a chosaint, mar atá ar rialtais an AE pé uair a bhíonn feidhm le dlí an AE.

An margadh aonair, sin príomhinneall geilleagrach an AE, a thugann saorghluaisecht d'fhormhór na n-earraí, do sheirbhísí, d'airgead is do dhaoine. Eochair-chuspóir eile, sin an ollacmhainn sin a fhorbairt ionas go mbainfidh gach Eorpach uastairbhe as.

Agus é ag leanúint air ag fás, tá an AE fós dírithe ar a chuid foras rialachais a dhéanamh níos trédhearcaí is níos daonlathaí. Is mó na cumhachtaí a thugtar do Pharlaimint na hEorpa, a toghadh go díreach, agus is mó an ról a thugtar do pharlaimintí náisiúnta, atá ag obair i gcomhar le hinstitiúidí na hEorpa. Mar sin, bíonn síormhéadú ar líon na gcainéal atá ag saoránaigh na hEorpa le páirt a ghlacadh sa phróiseas polaitiúil.

 Íoslódálacha

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ