Cosán nascleanúna

Blianta Eorpacha

Díreoidh Bliain Eorpach na Saoránach, 2013, ar na cearta agus na buntáistí praiticiúla atá ag daoine toisc gur saoránaigh de chuid an AE iad I measc na mbuntáistí sin tá taisteal a bheith níos éasca, an deis maireachtáil, obair nó staidéar a dhéanamh thar lear, rochtain ar chórais chúram sláinte i dtíortha eile, agus cosaint do thomhaltóirí.


Deis a bheidh ann an bhliain seo do dhaoine bheith páirteach in imeachtaí agus i seimineáir faoi conas na cearta sin a fheidhmiú, agus caithfear súil ar na constaicí a d'fhéadfadh a bheith ann agus ar bhealaí timpeall orthu. Pléifear freisin ar fud na hEorpa beartais an AE go ginearálta agus cad atá i ndán don Aontas Eorpach.


Tuilleadh eolais faoi Bhliain Eorpach na Saoránach 2013

Bliain Eorpach - ceann ann gach bliain ó 1983 i leith

Bhí an chéad Bhliain Eorpach, i 1983, dírithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus ar an gceardtionscal. Gach bliain ó shin i leith, tá ábhar ar leith roghnaithe ag an AE chun díospóireacht agus idirphlé sna tíortha Eorpacha, agus eatarthu, a spreagadh.

Cad chuige na Blianta Eorpacha?

Tá siad dírithe ar fheasacht a ardú i leith ábhar áirithe, ar dhíospóireachtaí a spreagadh agus ar dhearcthaí daoine a athrú. Le linn roinnt mhaith de na blianta Eorpacha seo, déantar maoiniú breise a chur ar fáil le haghaidh tionscadal áitiúil, náisiúnta agus trasteorann atá dírithe ar ábhar speisialta na Bliana sin.

Féadfar an Bhliain Eorpach a úsáid freisin le comhartha láidir polaitiúil agus le tiomantas a léiriú ó thaobh institiúidí an AE agus rialtais na mBallstát de go gcuirfear an t-ábhar sin san áireamh i ndéanamh beartas amach anseo. I gcásanna ar leith, féadfaidh an Coimisiún Eorpach reachtaíocht nua a mholadh ar an téama sin.

Conas a roghnaítear téama don Bhliain Eorpach?

Is é an Coimisiún a mholann an téama agus glacann Parlaimint na hEorpa agus rialtais Bhallstáit an AE é.

Roghnaítear na téamaí cúpla bliain roimh ré. Téamaí iad a bhíonn ina n-ábhar imní d'institiúidí an AE agus do na Ballstáit ach a gcuireann siad suim ghinearálta iontu freisin. Féadfaidh rialtais na mBallstát, an tsochaí shibhialta, gnólachtaí nó geallsealbhóirí ar bith eile ábhair a chuir faoi bhráid an Choimisiúin.

Liosta na mBlianta Eorpacha

TEAGMHÁIL

Eolas ginearálta – fiosruithe

Glaoigh ar
00 800 6 7 8 9 10 11 An tseirbhís atá ar fáil

Cuir do cheisteanna chugainn ar r-phost

Sonraí teagmhála agus cuairte d'institiúidí, teagmhálacha preasa

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ