You are here:

Uachtaráin an AE – cé hiad?

Tá 3 phríomhinstitiúid san AE agus tá uachtarán i bhfeighil ar gach aon cheann acu:

Uachtarán Pharlaimint na hEorpa – Martin Schulz

Martin Schulz

Téarma oifige: Lúnasa 2014 - Eanáir 2017

Arna thoghadh ag: Feisirí Pharlaimint na hEorpa

Ról:

  • Féachann sé chuige go leantar nósanna imeachta na parlaiminte go cuí
  • Maoirseoir ar ghníomhaíochtaí agus ar choistí éagsúla na Parlaiminte
  • Ionadaí thar ceann na Parlaiminte in ábhar dlí agus i gcaidreamh idirnáisiúnta
  • Faomhadh deiridh bhuiséad an AE

Tuilleadh eolais faoi ról Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Roghnaigh aistriúcháin an naisc roimhe seo.   Deutsch (de) English (en) français (fr)
Tuilleadh eolais faoi Pharlaimint na hEorpa

Uachtarán na Comhairle Eorpaí – Herman Van Rompuy

Herman Van Rompuy

Téarma oifige: Meitheamh 2012 - Samhain 2014

Arna thoghadh ag: ceannairí náisiúnta (cinn stáit agus rialtais Bhallstáit an AE).

Ról:

  • Obair na Comhairle a stiúradh le treo ginearálta agus tosaíochtaí polaitíochta an AE a shocrú – i gcomhar leis an gCoimisiún
  • Comhtháthú agus comhdhearcadh a chur chun cinn sa Chomhairle Eorpach
  • Ionadaí idirnáisiúnta thar ceann an AE ar shaincheisteanna eachtracha agus slándála

Tuilleadh eolais faoi ról Uachtarán na Comhairle Eorpaí
Tuilleadh eolais faoin gComhairle Eorpach

Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh – Jean-Claude Juncker

Jean-Claude Juncker

Téarma oifige: Samhain 2014 - Deireadh Fómhair 2019

Arna thoghadh ag: ceannairí náisiúnta (cinn stáit agus rialtais Bhallstáit an AE), ar fhormheas Pharlaimint na hEorpa.

Ról:

  • Treoir pholaitiúil a thabhairt don Choimisiún
  • Cruinnithe choláiste na gCoimisinéirí a ghairm agus bheith ina chathaoirleach orthu
  • Obair an Choimisiúin a stiúradh maidir le beartais an AE a chur chun feidhme
  • Páirt a ghlacadh i gcruinnithe G7
  • Rannchuidiú le mórdhíospóireachtaí i bParlaimint na hEorpa agus idir rialtais an AE i gComhairle an Aontais Eorpaigh

Tuilleadh eolais faoi ról Uachtarán an Choimisiúin Roghnaigh aistriúcháin an naisc roimhe seo.   Deutsch (de) English (en) français (fr)
Tuilleadh eolais faoin gCoimisiún Eorpach
Tuilleadh eolais ar an dóigh a gceaptar Coimisinéirí

Uachtaránacht ar Chomhairle an AE

Níl uachtarán buan amháin ag Comhairle an AE - áit a ndéanann na hairí náisiúnta plé ar reachtaíocht an AE. Is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle ina seilbh aici a stiúrann an obair sin. Bíonn sealaíocht 6 mhí ag na Ballstáit ar a chéile sa ról sin. Mar shampla, is iad ionadaithe thír na huachtaránachta a bheidh ina gcathaoirligh ar na cruinnithe.

Tuilleadh eolais faoi Chomhairle an AE