Cosán nascleanúna

Duais Nobel na Síochána 2012 bronnta ar an Aontas Eorpach

In 2012 bronnadh Duais Nobel na Síochána ar an AE as an tsíocháin, an t-athmhuintearas, an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn san Eoraip.

Dúirt Coiste Nobel na hIorua gur bunaíodh cinneadh an choiste ar an ról cobhsaíochta a bhí ag an AE maidir leis an gcuid is mó den Eoraip a iompú ó ilchríoch cogaidh go hilchríoch síochána.

Is é an t-éacht is tábhachtaí atá bainte amach ag an AE, dar leis an gcoiste, "an choimhlint bhuach ar son na síochána agus an athmhuintearais, agus ar son an daonlathais agus chearta an duine."

Léiríonn obair an AE "bráithreachas idir na náisiúin" agus is sampla í de na "comhdhálacha síochána" a luaigh Alfred Nobel ina uacht in 1895 mar chritéir a bheadh leis an Duais Síochána.

Tá an tAontas Eorpach ar an 21ú heagraíocht idirnáisiúnta a bhuaigh an duais seo ó 1901 i leith.

  • Ráiteas iomlán Choiste Nobel English
  • Comhráiteas ón gCoimisiún agus ón gComhairle maidir le Duais Nobel na Síochána English
  • Ráiteas ó Uachtarán Pharlaimint na hEorpa

Físeáin

  • Físeán de phreasagallamh Dhuais Nobel na Síochána 2012 (Rogha míreanna)


Searmanas bronnta

Bronnadh an duais ag searmanas in Osló ar an 10 Nollaig. Fearacht gach buaiteora go dtí seo, is é cathaoirleach Choiste Nobel na hIorua a bhronn an duais ar an AE. I láthair ar son an AE bhí Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus Uachtarán Pharlaimint na hEorpa. Is iad an tUachtarán Van Rompuy agus an tUachtarán Barroso a thug léacht thraidisiúnta Nobel ar son an AE. Bhí ceathrar ógánach Eorpach, buaiteoirí comórtais ar líne a d'eagraigh an AE (féach thíos), i dteannta Thoscaireacht an AE in Osló chun an duais a ghlacadh.

An duais airgid

Chinn an AE duais airgid Nobel na Síochána (€930,000) a bhronnadh ar leanaí a gceiltear an seans orthu fás aníos faoi shíocháin. Chuir an tAontas Eorpach breis agus €1 mhilliún eile leis an duais airgid sin agus bronnadh €2 mhilliún ar cheithre thionscadal a chuireann oideachas ar leanaí atá thíos le coimhlintí.

  • Tuilleadh eolais faoi na tionscadail sin atá á maoiniú le duais airgid Nobel na Síochána Englishfrançais

Comórtas

Leis an duais a cheiliúradh, d'eagraigh institiúidí an AE agus Fóram Eorpach na hÓige comórtas inar iarradh ar an aos óg míniú a thabhairt ar an gciall a bhaineann siad féin as an tsíocháin san Eoraip.

Iarradh ar dhaoine óga idir 8 mbliana agus 12 bhliain d'aois a bhfreagra a chur isteach i bhfoirm pictiúir; iarradh ar ógánaigh idir 13 bliana agus 24 bliain d'aois téacs gairid a chur isteach. Fuarthas timpeall 5400 iontráil. Is trí phainéal moltóirí, faoi chathaoirleacht an údair greannán Jean Van Hamme, agus trí vóta poiblí ar Facebook a roghnaíodh na buaiteoirí.

Buaiteoirí

Bhí an ceathrar buaiteoirí páirteach i dtoscaireacht oifigiúil an Aontais Eorpaigh go hOsló chun Duais Síochána 2012 a ghlacadh. D'fhreastail siad ar an searmanas oifigiúil an 10 Nollaig agus ar cheolchoirm Dhuais Nobel na Síochána an 11 Nollaig.

"Ní aitheantas amháin ar an méid a rinne an AE go dtí seo atá i nDuais Nobel na Síochána 2012: ach tugtar aghaidh ar an todhchaí leis freisin", a dúirt ceannairí institiúidí an AE. "Sin an fáth gur mian linn go mbeidh óige na hEorpa, atá mar oidhrí ar ilroinn síochána is a bheidh freagrach as todhchaí na hEorpa, go mbeidh siad farainn in Osló".

Tuilleadh eolais faoin gcomórtas

Léigh an suirbhé ar fad anseo Englishfrançais

Físeáin

Buaicphointí Dhuais Nobel na Síochána® 2012

  • Buaicphointí Dhuais Nobel na Síochána® 2012

  • Cabhraímid leis an té atá thíos

  • Chomh cosúil, chomh héagsúil, chomh hEorpach (Seoid rúnda na hEorpa)

  • Ó thitim bhalla Bheirlín go Méadú AE-10

 Féach freisin

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ