Toghcháin Eorpacha 2014

Toghfar Parlaimint na hEorpa ón 22 – 25 Bealtaine 2014 dá céad théarma eile de 5 bliana . Rithfidh sí reachtaíocht faoi bheartas an AE i gcomhpháirt le Comhairle an AE.

Toghcháin Eorpacha 2014 - Lógó

Parlaimint na hEorpa

Toisc gurb í an t-aon chomhlacht amháin den AE a thoghann vótálaithe an AE go díreach, déanann an Parlaimint ionadaíocht thar ceann an 500 milliún duine atá ina gcónaí san AE. Is ceann de phríomhinstitiúidí reachtóireachta an AE í, maille le Comhairle an Aontais Eorpaigh; déanann an Chomhairle ionadaíocht thar ceann rialtais Bhallstáit an AE.

Cé mhéid Feisirí a thoghfar?

751 comhalta a bheidh sa Pharlaimint nua (750 Feisire agus Uachtarán amháin). Roinntear na suíocháin i measc thíortha an AE ar bhonn 'comhréireachta céimlaghdaithí'. Ciallaíonn sé seo go bhfuil níos mó suíocháin ag na tíortha leis an daonra is mó ná mar atá ag tíortha níos lú, cé go bhfuil ró-ionadaíocht bheag ag na tíortha níos lú, i gcomparáid le méid a ndaonra. Mar sin, tá líon éagsúil Feisirí ag tíortha, ó 6 i gcás Málta, Lucsamburg, an Chipir is an Eastóin go 96 i gcás na Gearmáine.

Cé atá in ann vóta a chaitheamh?

Tá an vótáil sna toghcháin Eorpacha faoi réir an dlí náisiúnta. Déantar bunphrionsabail a shocrú le dlíthe AE – nach mór an vótáil a dhéanamh le vótáil chomhchoiteann agus a bheith saor is rúnda. Chomh maith leis sin, is gá na Feisirí Eorpacha a thoghadh i ngach tír den AE le hionadaíocht chionmhar.

Céard atá nua an uair seo?

Faoi Chonradh Liospóin 2009, ceanglaítear ar rialtais an AE – agus iad ag teacht le chéile sa chruinniú mullaigh, an Chomhairle Eorpach, mar is gnáth – torthaí na dtoghchán Eorpach a thógáil san áireamh agus Uachtarán nua an Choimisiúin á mholadh acu. Beidh ar Pharlaimint na hEorpa vótáil ar son an Uachtaráin seo le go dtoghfar é.

Chomh maith leis sin, i rún ón bParlaimint a glacadh in 2013, iarradh ar na páirtithe polaitiúla de gach saghas iarrthóirí a chur chun tosaigh don phost seo. Ansin, chuirfeadh na hiarrthóirí sin iad féin, agus na luachanna lena sheasann siad, i láthair i ngach tír den AE.


Físeáin

Fan ceangailte

Facebook

  • Parlaimint na hEorpaEnglish (en)

Twitter

  • Parlaimint na hEorpaбългарски (bg)čeština (cs)dansk (da)Deutsch (de)eesti keel (et)ελληνικά (el)English (en)español (es)français (fr)hrvatski (hr)italiano (it)latviešu valoda (lv)lietuvių kalba (lt)magyar (hu)Malti (mt)Nederlands (nl)polski (pl)português (pt)română (ro)slovenčina (sk)slovenščina (sl)suomi (fi)svenska (sv) (haischlibeanna: #EU2014 agus #EP2014)

 Féach freisin

TEAGMHÁIL

Eolas ginearálta – fiosruithe

Glaoigh ar
00 800 6 7 8 9 10 11 Féach mionsonraí na seirbhíse

Cuir do cheisteanna chugainn ar r-phost

Sonraí teagmhála agus cuairte d'institiúidí, teagmhálacha preasa

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?