Comhaontú ceangailteach idir bhalltíortha an AE is ea conradh. Leagtar amach ann cuspóirí, rialacha d’institiúidí an AE, an tslí a ndéanfar cinntí agus an gaol idir an AE agus a bhalltíortha.
Leasaítear conarthaí chun an AE a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos trédhearcthaí, chun ullmhú do theacht bhalltíortha nua isteach san Aontas agus chun réimsí nua comhair – an t-airgeadra aonair, mar shampla – a thabhairt isteach.
Faoi na conarthaí, féadfaidh institiúidí an AE reachtaíocht a ghlacadh, a gcuireann na balltíortha chun feidhme ina dhiaidh sin. Is féidir féachaint ar théacsanna conarthaí, reachtaíochta, cásdlí agus tograí reachtacha ina n-iomláine trí úsáid a bhaint as bunachar sonraí EUR-Lex de dhlí an AE.
Is iad na príomhchonarthaí ná:
Conradh Liospóin
Sínithe: 13 Nollaig 2007
Tháinig i bhfeidhm: 1 Nollaig 2009
Cuspóir: an AE a dhéanamh níos daonlathaí, níos éifeachtúla agus níos cumasaí chun díriú ar fhadhbanna domhanda, ar nós athrú aeráide, le guth amháin.
Príomhathruithe: breis cumhachta do Pharlaimint na Eorpa, athrú ar nósanna imeachta vótála sa Chomhairle, tionscnamh na saoránach, uachtarán buan ar an gComhairle Eorpach, Ardionadaí nua Gnóthaí Eachtracha, seirbhís taidhleoireachta nua AE.
Soiléiríonn conradh Liospóin cad iad na cumhachtaí:
- a bhaineann leis an AE
- a bhaineann le balltíortha an AE
- a chomhroinntear.
Léigh tuilleadh mar gheall ar Chonradh Liospóin
Síníodh an Conradh lena mbunaítear bunreacht don Eoraip ![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
(2004) – ar cosúil a aidhmeanna le Conradh Liospóin – ach níor daingníodh é riamh.
Conradh Nice
Sínithe: 26 Feabhra 2001
Tháinig i bhfeidhm: 1 Feabhra 2003
Cuspóir: na hinstitiúidí a leasú ionas go bhféadfadh an AE feidhmiú go héifeachtúil tar éis líon 25 bhalltír a shroicheadh.
Príomhathruithe: modhanna chun comhdhéanamh an Choimisiúin a athrú agus chun an córas vótála sa Chomhairle a athchóiriú.
Conradh Amstardam
Sínithe: 2 Deireadh Fómhair 1997
Tháinig i bhfeidhm: 1 Bealtaine 1999
Cuspóir: Institiúidí an AE a leasú mar ullmhúchán do theacht balltíortha eile sa todhchaí.
Príomhathruithe: leasú, athuimhriú agus comhdhlúthú chonarthaí an AE agus an CEE Cinnteoireacht níos trédhearcthaí (úsáid mhéadaithe den nós imeachta vótála comhchinnteoireachta ![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
).
Téacs iomlán Chonradh Amstardam ![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
Conradh ar an Aontas Eorpach – Conradh Maastricht
Sínithe: 7 Feabhra 1992
Tháinig i bhfeidhm: 1 Samhain 1993
Cuspóir: ullmhú le haghaidh an Aontais Airgeadaíochta Eorpaigh agus eilimintí d'aontas polaitiúil a thabhairt isteach (saoránacht, comhbheartais ghnóthaí eachtracha agus inmheánacha).
Príomhathruithe: bunú an Aontais Eorpaigh agus tabhairt isteach an nós imeachta comhchinnteoireachta, rud a thugann cead aighnis níos mó don Pharlaimint sa chinnteoireacht. Foirmeacha nua comhair idir rialtais an AE – mar shampla ar chosaint, ar cheartas agus ar ghnóthaí intíre.
Téacs iomlán Chonradh Maastricht
An Ionstraim Eorpach Aonair
Sínithe: 17 Feabhra 1986 (Lucsamburg) / 28 Feabhra 1986 (An Háig)
Tháinig i bhfeidhm: 1 Iúil 1987
Cuspóir: na hinstitiúidí a leasú mar ullmhúchán do bhallraíocht na Portaingéile agus na Spáinne agus dlús a chur le cinnteoireacht mar ullmhúchán don mhargadh aonair.
Príomhathruithe: leathnú na vótála trí thromlach cáilithe sa Chomhairle (rud a dhéanann níos deacra é ar thír aonair reachtaíocht atá beartaithe a chrosadh), cruthú na nósanna imeachta um chomhar agus um aontú, rud a thugann tionchar níos mó don Pharlaimint.
Téacs iomlán na hIonstraime Eorpaí Aonair
Conradh Cumaisc – Conradh na Bruiséile
Sínithe: 8 Aibreán 1965
Tháinig i bhfeidhm: 1 Iúil 1967
Cuspóir: líomhchóiriú a dhéanamh ar na hinstitiúidí Eorpacha.
Príomhathruithe: Coimisiún aonair agus Comhairle aonair a chruthú chun fónamh do na trí Chomhphobal Eorpacha a bhí ann ag an am (CEE, Euratom, An Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (CEGC). Aisghairthe ag Conradh Amstardam.
Téacs iomlán an Chonartha Chumaisc
Conarthaí na Róimhe – conarthaí CEE agus EURATOM
Sínithe: 25 Márta 1957
Tháinig i bhfeidhm: 1 Eanáir 1958
Cuspóir: Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) a bhunú
Príomhathruithe: lánpháirtíocht na hEorpa a shíneadh ar a n-áirítear comhar ginearálta eacnamaíoch.
Téacs iomlán Chonarthaí na Róimhe
Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach
Sínithe: 18 Aibreán 1951
Tháinig i bhfeidhm: 23 Iúil 1952
Éagtha: 23 Iúil 2002
Cuspóir: idirspleáchas a chruthú i ngual agus i gcruach ionas nach bhféadfadh aon tír amháin a fhórsaí armtha a shlógadh a thuilleadh i ngan fhios do thíortha eile. Mhaolaigh sin amhras agus teannais a bhí i réim tar éis an Dara Chogadh Domhanda. Chuaigh conradh an CEGC in éag sa bhliain 2002.
Téacs iomlán an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach
Nuair a tháinig tíortha nua leis an AE, leasaíodh na conarthaí bunaidh;
- 1973 (An Danmhairg, Éire, an Ríocht Aontaithe)
- 1981 (An Ghréig)
- 1986 (An Spáinn, an Phortaingéil)
- 1995 (An Ostair, an Fhionlainn, an tSualainn
- 2004 (Poblacht na Seice, an Chipir, an Eastóin, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an tSlóvaic, an tSlóivéin).
- 2007 (An Bhulgáir, an Rómáin
