Dréachtú dlí an AE
Sula molann an Coimisiún tograí nua déanann sé measúnú ar na hiarmhairtí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith acu. Déantar amhlaidh trí ‘Measúnuithe ar thionchar’
a réiteach a leagann amach buntáistí agus míbhuntáistí na roghanna beartais a d’fhéadfadh a bheith ann.
Lena chois sin, téann an Coimisiún i gcomhairle le páirtithe sainleasa ar nós eagraíochtaí neamhrialtasacha, údarás áitiúil agus ionadaithe den tionscal agus den tsochaí shibhialta. Tugann grúpaí saineolaithe comhairle ar cheisteanna teicniúla. Ar an tslí sin, áirithíonn an Coimisiún go gcomhfhreagraíonn tograí beartais do riachtanais iad siúd is mó atá bainteach leis an scéal agus seachnaíonn sé ró-mhaorlathas.
Féadfaidh saoránaigh, gnóthais agus eagraíochtaí a bheith rannpháirteach sa nós imeachta comhairliucháin tríd an suíomh gréasáin Comhairliúcháin phobail.
Féadfaidh parlaimintí náisiúnta a n-amhras a chur in iúl go foirmiúil má mheasann siad gurbh fhearr déileáil le ceist ar leith ar leibhéal náisiúnta seachas ar leibhéal an AE.
Athbhreithniú agus glacadh
Athbhreithníonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle tograí de chuid an Choimisiúin agus molann siad leasuithe. Murar féidir leis an gComhairle agus an Pharlaimint leasuithe a aontú, léitear an togra den dara huair.
Agus an tógra á léamh don dara huair, féadfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle leasuithe a mholadh athuair. Tá an chumhacht ag an bParlaimint bac a chur le reachtaíocht atá beartaithe murar féidir teacht ar chomhaontú leis an gComhairle.
Má aontaíonn an dá institiúid ar na leasuithe, is féidir an reachtaíocht atá beartaithe a ghlacadh. Mura n-aontaíonn, déanann coiste idir-réitigh iarracht ![]()
teacht ar chomhréiteach. Féadfaidh an Chomhairle agus an Pharlaimint araon bac a chur leis an togra reachtach agus é á léamh don uair dheireanach.
Conas a ghlactar reachtaíocht?
- An gnáthnós imeachta reachtach (ar a dtugraí 'Comhchinnteoireacht')
Míniú céim ar chéim ar an ngnáthnós imeachta reachtach - mar a gcomhritheann Parlaimint na hEorpa dlíthe le Comhairle an AE - agus liosta na ndlíthe a ritheadh sa tslí sin - Rialacha Oifigiúla Nós Imeachta na Comhairle Eorpaí
Conas a oibríonn an Chomhairle Eorpach - Comhar breithiúnach Eorpach i gcásanna sibhialta
Comhar idir chúirteanna náisiúnta i gcásanna sibhialta


