Ballstát
Ionstraim reachtach atá ina cheangal is ea "rialachán". Ní mór é a chur chun feidhme ina iomláine ar fud an AE. Mar shampla, nuair a theastaigh ón AE cosaint a thabhairt d’ainmneacha táirgí talmhaíochta ag teacht ó limistéir áirithe, ar nós liamhás Parma, ghlac an Chomhairle le rialachán.
Treoracha
Ionstraim dlí is ea “treoir” a leagann amach sprioc nach mór do gach tír de chuid an AE a bhaint amach. Bíodh sin mar atá, is faoi gach tír atá sé an tslí a shocrú. B’amhlaidh a bhí i gcás leis an treoir um am oibre, a ordaíonn go bhfuil sé neamhdhleathach an iomarca ragoibre a dhéanamh. Leagtar amach sa treoir íostréimhsí sosa agus uasmhéid uaireanta oibre, ach is faoi gach tír atá sé a dlíthe féin a cheapadh chun é sin a chur chun feidhme.
Cinntí
Bíonn “cinneadh” ina cheangal orthu siúd ar a ndírítear an cinneadh (m.sh. tír an AE nó cuideachta aonair) agus bíonn sé infheidhme go díreach. Mar shampla, nuair a d’eisigh an Coimisiún cinneadh a ghearr fíneáil ar ollchuideachta bogearraí Microsoft, mar gheall ar a shuíomh ceannasach sa mhargadh a mhí-úsáid ![]()
, bhí feidhm ag an gcinneadh maidir le Microsoft amháin.
Moltaí
Ní bhíonn “moladh” ina cheangal. Nuair a d’eisigh an Coimisiún moladh nach níor cheart do struchtúir phá san earnáil airgeadais a bheith ina spreagadh do ró-dhul i riosca
, ní raibh aon iarmhairt dlí air. Ceadaíonn moladh do na hinstitiúidí a gcuid tuairimí féin a nochtadh agus modh oibre a mholadh gan aon oibleagáid dlí a chur orthu siúd ar a ndírítear é.
Tuairimí
“Tuairim” is ea ionstraim a cheadaíonn d’institiúidí ráiteas a dhéanamh ar bhealach neamhcheangailteach, i bhfocail eile gan aon oibleagáid dlí a chur orthu siúd ar a ndírítear é. Ní bhíonn tuairim ina cheangal. Féadfar é a eisiúint ó phríomhinstitiúidí an AE (an Coimisiún, an Chomhairle, an Pharlaimint), ó Choiste na Réigiún agus ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Fad a bhíonn dlí á cheapadh, tugann na coistí tuairimí óna seasamh réigiúnach nó eacnamaíoch agus sóisialta ar leith. Mar shampla, d’eisigh Coiste na Réigiún tuairim maidir leis an tslí a rannchuidíonn réigiúin chun spriocanna fuinnimh an AE a bhaint amach ![]()
.






















