Cosán nascleanúna

  • Dlí AE
    • CINNTEOIREACHT
    • FAIGH REACHTAÍOCHT AGUS CÁSDLÍ
    • CLOISIMIS UAIT

Cinnteoireacht san Aontas Eorpach

Tá dlí an AE roinnte idir reachtaíocht ‘phríomhúil' agus reachtaíocht ‘thánaisteach’. Is iad na conarthaí (reachtaíocht phríomhúil) an bonn nó na bunrialacha le haghaidh gach gníomh de chuid an AE.

Tagann reachtaíocht thánaisteach – ar a n-áirítear rialacháin, treoracha agus cinntí – ó phrionsabail agus ó chuspóirí atá leagtha amach sna conarthaí.

An tslí a ndéantar cinntí an AE

'Gnáthnós Imeachta Reachtach ’ ("comhchinnteoireacht" roimhe seo) a thugtar ar nós imeachta caighdeánach na cinnteoireachta de chuid an AE. Ciallaíonn sin nach mór do reachtaíocht an AE a bheith formheasta ag Parlaimint na hEorpa, a thoghtar go díreach, agus ag an gComhairle (rialtais 27 dtír an AE). Dréachtaíonn an Coimisiún reachtaíocht an AE agus cuireann sé chun feidhme í.

Conarthaí an AE

Tá an tAontas Eorpach bunaithe ar riail an dlí. Ciallaíonn sin go bhfuil gach beart a dhéanann an AE bunaithe ar chonarthaí atá formheasta go deonach agus go daonlathach ag gach ceann de bhalltíortha an AE.

Mhéadaigh Conradh Liospóin líon na réimsí beartais ina n-úsáidtear ‘Gnáthnós Imeachta Reachtach’ Lena chois sin, tá níos mó cumhachta ag Parlaimint na hEorpa Englishfrançais chun bac a chur le togra má easaontaíonn sí leis an gComhairle.

Rialacháin, Treoracha agus ionstraimí eile

Is trí chineálacha éagsúla ionstraimí dlí a bhaintear amach na haidhmeanna atá leagtha amach i gconarthaí an AE. Sna gníomhartha reachtacha seo tá rialacháin, treoracha, moltaí agus tuairimí. Ní bhíonn ach cuid de na hionstraimí sin ina gceangal. Tá feidhm ag cuid díobh maidir le gach tír de chuid an AE, agus ag cuid eile maidir le beagán tíortha.

Application of EU law

Tugann dlí an AE – atá chomh húdarásach céanna leis an dlí náisiúnta – cearta agus oibleagáidí do na húdaráis i ngach Ballstát, agus do dhaoine aonair agus do ghnóthais chomh maith. Is iad na húdaráis sna Ballstáit atá freagrach as reachtaíocht an AE a chur chun feidhme sa dlí náisiúnta agus as í a fhorfheidhmiú mar is ceart, agus ní mór dóibh na cearta atá ag saoránaigh de réir na ndlíthe sin a ráthú.

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ