Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ghníomhaireacht an chomhbheartais eachtraigh agus slándála

Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh (SatCen)

Intro

European Union Satellite Centre - Logo

Forbhreathnú

  • Ról: tacú leis an gCombheartas Eachtrach agus Slándála trí sheirbhísí a sholáthar atá bunaithe ar shócmhainní spáis agus sonraí comhthaobhacha
  • Stiúrthóir: Sorin Ducaru
  • Comhpháirtithe: an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, an Coimisiún Eorpach, an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint, an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis agus institiúidí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile
  • Bliain a bhunaithe: 2002 (an ‘Western European Union Satellite Centre’ an t-ainm a bhí air ó 1993 go 2001)
  • An líon foirne: 145
  • Suíomh: Torrejón de Ardoz (an Spáinn)
  • Suíomh Gréasáin: EU SatCen

Tacaíonn Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh (SatCen) leis an Aontas Eorpach cinntí agus bearta a dhéanamh a bhaineann le Comhbheartas Eachtrach agus Slándála na hEorpa. Is éard atá i gceist leis sin táirgí agus seirbhísí a sholáthar atá bunaithe ar úsáid a bhaint as sócmhainní spáis agus sonraí comhthaobhacha, cuir i gcás íomhánna satailíte agus íomhánna ón aer, agus seirbhísí gaolmhara a sholáthar freisin.

Gníomhaíochtaí

Faoi mhaoirseacht an Choiste Pholaitiúil agus Slándála agus faoi stiúir oibriúcháin Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, déanann SatGen luathrabhadh a thabhairt do lucht déanta cinntí i dtaobh géarchéimeanna a d’fhéadfadh éirí chomh maith le feasacht staide dhomhanda. Tugann sé sin caoi don Aontas bearta taidhleoireachta, eacnamaíocha agus daonnachta a dhéanamh in am is i dtráth, pleanáil beart idirghabhála san áireamh.

Cé a bhaineann tairbhe as?

  • an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS)
  • Tíortha an Aontais Eorpaigh
  • Misin agus oibríochtaí de chuid an Aontais
  • an Coimisiún Eorpach
  • tíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail na Náisiúin Aontaithe, an Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW), an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE), agus Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT).

Tuilleadh eolais

Na príomhdhoiciméid agus foilseacháin

Imeachtaí SatCen

Deiseanna fostaíochta

Teagmháil

Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh

Ainm
Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh
Suíomh gréasáin
https://www.satcen.europa.eu/
Seoladh ríomhphoist
infoatsatcen [dot] europa [dot] eu
Uimhir ghutháin
+34 91 678 60 00
Uimhir facs
+34 91 678 60 06
Seoladh poist
Apdo. de Correos 511, 28850 Torrejón de Ardoz, Maidrid, An Spáinn