Institiúid an Aontais Eorpaigh do Staidéar Slándála

Is í EUISS meitheal machnaimh an AE ar an mbeartas eachtrach.

Bunaíodh í in 2002 faoi chomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) an Aontais chun cultúr coiteann slándála a chur chun cinn san AE, an CBES a fhorbairt agus a chur ar aghaidh, agus an díospóireacht straitéiseach a shaibhriú.

Seo saintréithe EUISS:

  • tá sí iomlán neamhspleách
  • déanann sí scrúdú ar cheisteanna slándála atá ábhartha don AE agus cuireann sí fóram díspóireachta ar fáil
  • déanann sí anailísí agus réamhaisnéisí don Choiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) agus d'Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála/Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
  • bunaíodh í le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2001/554 PDFбългарскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodaMaltiNederlandspolskiportuguêslietuvių kalbamagyarromânăslovenčinaslovenščinasuomisvenska ón gComhairle (arna leasú ag Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2006/1002 ón gComhairle PDFčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodaMaltiNederlandspolskiportuguêslietuvių kalbamagyarslovenčinaslovenščinasuomisvenska ).

Maoiniú agus maoirseacht

Faigheann an Institiúid maoiniú ó thíortha an AE, de réir foirmle roinnte costais atá bunaithe ar OTI, agus tá an Institiúid faoi rialú acu seo a leanas:

  • an Coiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) – maoirseacht pholaitiúil
  • an Bord – rialacha buiséadacha agus riaracháin agus clár oibre na hInstitiúide a fhormheas (faoi chathaoirleacht Ardionadaí an Aontais/Leas-Uachtarán an Choimisiúin).

Foilseacháin

Eisíonn an Institiúid cineálacha éagsúla foilseacháin don phobal straitéiseach idirnáisiúnta. Liostáil d'fholáireamh ríomphoist DeutschEnglishfrançaisEUISS le heolas a chur ar fhoilseacháin nua.

Imeachtaí

Is é atá beartaithe le himeachtaí EUISS cur le cumas anailíse an AE agus gréasán saineolais a chur chun cinn mar thacaíocht do bheartas eachtrach agus slándála an AE. Tagann lucht déanta cinntí, oifigigh an AE, lucht acadúil, saineolaithe náisiúnta agus ionadaithe eagraíochtaí neamhrialtais as gach cearn den domhan le chéile ag na himeachtaí sin.

  • comhdhálacha DeutschEnglishfrançais – timpeall 100 rannpháirtí, daoine iomráiteacha i láthair agus deis plé fairsing a dhéanamh ar shaincheisteanna ábhartha
  • seimineáir DeutschEnglishfrançais – timpeall 40 rannpháirtí, plé mionsonraithe ar ábhair shonracha, agus claonadh réigiúnach nó beartais uaireanta
  • tascfhórsaí DeutschEnglishfrançais – timpeall 20 rannpháirtí, teacht le chéile rialta le monatóireacht a dhéanamh ar imeachtaí i réigiún áirithe nó ar dhul chun cinn i réimse áirithe beartais.

Na meáin

Cuireann ánraí taighde EUISS tráchtaireacht shaineolach ar fáil go rialta do na meáin chlóite agus chraolta faoi phríomhcheisteanna a bhaineann le beartas eachtrach agus slándála an AE. Chun tuilleadh sonraí a fháil faoi réimsí saineolais EUISS, amharc ar leathanaigh na nÁnraí Taighde DeutschEnglishfrançais nó ar leathanach an StiúrthóraDeutschEnglishfrançais.

TEAGMHÁIL

Eolas ginearálta – fiosruithe

Glaoigh ar
00 800 6 7 8 9 10 11 Féach mionsonraí na seirbhíse

Cuir do cheisteanna chugainn ar r-phost

Sonraí teagmhála agus cuairte d'institiúidí, teagmhálacha preasa

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?