Lárionad Satailíte an Aontais Eorpaigh

Bunaíodh Lárionad Satailíte an Aontais Eorpaigh (EUSC) sa bhliain 2002, bunaithe ar Ghníomhaíocht Chomhpháirteach ón gComhairle an 20 Iúil 2001, ( Iris Oifigiúil L 200, 25 Iúil 2001 English ) agus chuaigh sé i mbun oibre in Eanáir 2002. Gníomhaireacht de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh is ea í atá tiomnaithe do dhúshaothrú agus do tháirgeadh faisnéise a thagann de anailís ar íomhánna spáis ó dhomhanléamh. Féachann sé le tacú le cinnteoireacht an AE i réimse an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála (CBES).

Tá a fhéiniúlacht dhlítheanach féin ag an CBES chun a fheidhmeanna a chur i gcrích agus oibríonn sé faoi mhaoirseacht Choiste Polaitiúil agus Slándála na Comhairle agus faoi threoir oibriúcháin an Ard-Rúnaí. Tá sé suite in Torrejón, i gcóngaracht Mhaidrid na Spáinne.

An tUasal Tomaž Lovrenčič Stiúrthóir

Seoladh poist:
Lárionad Satailíte
an Aontais Eorpaigh
Apdo. de Correos 511
Torrejón de Ardoz 28850 An Spáinn

TEAGMHÁIL

Eolas ginearálta – fiosruithe

Glaoigh ar
00 800 6 7 8 9 10 11 Féach mionsonraí na seirbhíse

Cuir do cheisteanna chugainn ar r-phost

Sonraí teagmhála agus cuairte d'institiúidí, teagmhálacha preasa

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?