Cosán nascleanúna

An Fhondúireacht Eorpach Oiliúna

Cabhraíonn an Foras Eorpach Oiliúna (ETF) lena chuid tíortha comhpháirtíochta a gcuid córas oideachais agus oiliúna a nuachóiriú chun an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí eile is gá i ngeilleagair agus i sochaithe dinimiciúla a thabhairt dá ndaoine. Is cuid de chóras foghlama iomlán amháin an t-oideachas agus an oiliúint, dar linn.

Bímid ag obair le tíortha comharsanacha an AE i gcomhthéacs na gclár éagsúil um chomhar seachtrach atá aige:

  • próiseas an mhéadaithe (an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Íoslainn, an Chosaiv, Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró, an tSeirbia agus an Tuirc)
  • beartas comharsanachta na hEorpa (an Ailgéir, an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Éigipt, an tSeoirsia, Iosrael, an Iordáin, an Liobáin, an Libia, an Mholdóiv, Maracó, an tSiria, an Túinéis, an Úcráin agus an Phalaistín)
  • comhpháirtíocht an AE/na Rúise
  • tíortha san Áise Lár (an Chasacstáin, an Chirgeastáin, an Táidsíceastáin, an Tuircméanastáin agus an Úisbéiceastáin).

Bímid ag obair ar thionscadail i raon leathan réimsí, tá ina measc:

  • foghlaim ar feadh an tsaoil
  • infhostaitheacht agus iomaíochas
  • oiliúint múinteoirí
  • deimhniú cáilíochta
  • rochtain chomhionainn do mhná agus do ghrúpaí mionlaigh
  • creataí cáilíochta
  • foghlaim fiontraíochta
  • scileanna chun an bhochtaineacht a laghdú
  • teicneolaíocht san fhoghlaim
  • rialachas agus trédhearcacht
  • próifílí scileanna na n-imirceach

Sa chomhthéacs sin, déanaimid an méid a leanas:

  • faisnéis, comhairle agus cúnamh a thabhairt don AE chun beartais maidir le hacmhainní daonna a fhorbairt i dtíortha comhpháirtíochta
  • tacaíocht a thabhairt do pháirtithe leasmhara ábhartha sna tíortha comhpháirtíochta chun cur lena gcumas le hacmhainní daonna a fhorbairt
  • cabhrú chun cúnamh ón AE a chur ar fáil do na páirtithe leasmhara sna tíortha comhpháirtíochta
  • líonrú agus roinnt faisnéise, taithí agus dea-chleachtas a spreagadh - idir an AE agus na tíortha comhpháirtíochta, agus i measc na dtíortha comhpháirtíochta araon.

Mar lárionad idirnáisiúnta saineolais, bímid ag obair le grúpaí leasmhara ábhartha chun comhar, forbairt eolais agus malartuithe taithí inár réimse a chur chun cinn agus a éascú.  Mar shampla:

  • lucht déanta beartas, cleachtóirí agus deontóirí san AE, sna ballstáit agus sna tíortha comhpháirtíochta
  • Institiúidí Eorpacha agus idirnáisiúnta ar nós eagraíochtaí déthaobhacha deontóirí i dtíortha an AE, an Banc Domhanda, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus eagraíochtaí na Náisiún Aontaithe.

Tús feidhme: 1994

Stiúrthóir: Madlen Serban

TEAGMHÁIL

Eolas ginearálta – fiosruithe

Glaoigh ar
00 800 6 7 8 9 10 11 Féach mionsonraí na seirbhíse

Cuir do cheisteanna chugainn ar r-phost

Sonraí teagmhála agus cuairte d'institiúidí, teagmhálacha preasa

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?