Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
logo of European Fisheries Control Agency

Forbhreathnú

  • Ról: Cinntíonn EFCA go gcuirtear comhbheartas iascaigh an Aontais i bhfeidhm i gceart
  • Stiúrthóir Feidhmiúcháin: Susan Steele
  • Bliain a bhunaithe: 2005
  • An líon foirne: 73
  • Suíomh: Vigo na Spáinne
  • Suíomh gréasáin: An Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach 

Gníomhaíochtaí

Is é is cúram do EFCA na caighdeáin choitinne is airde is féidir a bhaint amach sa rialú, sa chigireacht agus san fhaireachas a dhéantar faoin gComhbheartas Iascaigh (CBI). Déanann EFCA sin tríd an gcomhar idir na seirbhísí náisiúnta rialaithe agus cigireachta a chomhordú.

Tugann EFCA cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit freisin trí oiliúint a chur ar fáil do chigirí agus oiliúnóirí na mBallstát le deimhin a dhéanamh de go gcuirtear rialacha an Chomhbheartais Iascaigh i bhfeidhm i gceart.

Cé a bhaineann tairbhe as?

Tagann breisluach EFCA ón gcaoi a gcabhraíonn sé chun an cothrom iomaíochta a chaomhnú ar fud na hEorpa in earnáil na hiascaireachta sa gcaoi go gcloíonn cách leis na rialacha Eorpacha agus go gcaitear go cothrom le gach gníomhaí san earnáil sin, is cuma cá háit ina bhfuil siad ag feidhmiú.

Tacaíonn an Comhbheartas Iascaigh freisin leis an iascach inbhuanaithe trí fheabhas a chur ar chomhlíonadh na mbeart caomhnúcháin agus bainistíochta atá ann faoi láthair, ar mhaithe leis an nglúin seo agus na glúine atá le teacht.

 

Féach freisin

Leabharlann 

An scéala is déanaí 

Folúntais 

Teagmháil

An Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA)

Ainm
An Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA)
Suíomh gréasáin
https://www.efca.europa.eu/en
Uimhir ghutháin
+34 986 12 06 10
Uimhir facs
+34 986 12 52 34
Seoladh poist
Edificio Odriozola, Avenida García Barbón 4, 36201 Vigo Pontevedra, An Spáinn
Na meáin shóisialta