Fógra dlíthiúil | Cad atá nua? | Ceisteanna is minice | Faoi EUROPA | Innéacs | Cuardaigh | Teagmháil
Bratach na hEorpa Scipeáil barra roghnaithe teanga (eochair aicearra=2)
EUROPA > Sracfhéachaint ar an AE > Siombailí an Aontais Eorpaigh > Bratach na hEorpa > Lámhleabhar grafach
Sracfhéachaint ar an Aontas Eorpach
Lámhleabhar grafach
Íoslódáil íomhánna Bhratach na hEorpa don atáirgeadh
Grianghraif agus íomhánna eile ina bhfuil Bratach na hEorpa

Sonraíochtaí grafacha d'Fheathal na hEorpa


 


 

Próiséas don atáirgeadh aondathach


 
Atáirgeadh aondathachMura bhfuil ach dubh ar fáil, imlínigh an dronuilleog sa dubh agus priontáil na réaltaí dubh is bán.
Atáirgeadh aondathachMura bhfuil ach gorm ar fáil (Gorm Athfhillteach amáin, gan amhras), úsáid 100% é leis na réaltaí atáirgthe sa bhán claonchló agus an gort 100% gorm.

 
Barr an leathanaigh

Atáirgeadh ar chúlra daite


 
Atáirgeadh ar chúlra daiteIs fearr gur ar chúlra bán a atáirgfí an feathal. Seachain cúlra ildaite, agus ar aon nós, ceann nach réitíonn le gorm. Mura bhfuil aon slí chun cúlra ildaite a sheachaint, cuir imeall bán timpeall na dronnuilleoige, le leithead cothrom le 1/25 leithid na dronuilleoige.

 
Barr an leathanaigh

Samplaí den atáirgeadh mícheart


 
  • Tá an feathal bun os cionn.
Sampla den atáirgeadh mícheart
  • Níl na réaltaí ina seasamh.
Sampla den atáirgeadh mícheart
  • Tá na réaltaí in ionad mícheart sa chiorcal: ní mór dóibh a bheith in ionad na n-uaireanta an chloig ar aghaidh cloig.
Sampla den atáirgeadh mícheart

 
Barr an leathanaigh

Úsáid tríú páirtí

Ní cheadaítear an feathal Eorpach a úsáid ach amháin:

  • nuair nach bhfuil aon bhaol go meascfar úsáideoir an fheathail leis an gComhphobal Eorpach nó le Comhairle na hEorpa;
  • nach bhfuil úsáid an fheathail ceangailte le gníomhaíochtaí nach réitíonn le haidhmeanna agus le prionsabail an Chomhphobail Eorpaigh nó Chomhairle na hEorpa.

Ní bhronann cead chun an feathal Eorpagh a úsáid aon cheart d'úsáid eisiach orthu siúd ar a mbronntar, ná ní cheadaíonn sé dóibh an feathal ná aon trádmharc nó lógó cosúil leis a leithghabháil, bíodh sé sin trí chlárú nó in aon slí eile. Scrúdófar gach cás ar leith chun a chinntiú go sásóidh sé na critéir a leagadh amach thuas. Ní dócha go dtabharfar cead sa chomhthéacs tráchtála má úsáidtear an feathal Eorpach le lógó, le hainm nó le trádmharc na cuideachta féin.

Iarratais ó Bhallstáit an AE:

An Coimisiún Eorpach, Ard-Rúnaíocht
Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Institiúideacha
Directorate E-1 — Institutional Matters
Rue de la Loi /Wetstraat 200
Teil. (+32-2) 296 26 26 
facs. (+32-2) 296 61 40 
r-phost: embl@ec.europa.eu

Iarratais ó neamh-Bhallstáit an AE:

Comhairle na hEorpa, Ard-Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Dlíthiúla
F-67075 Strasbourg Cedex
Teil. (+33388) 41 20 26 
facs. (+33388) 41 27 81 
r-phost: legal.advice@coe.int

Barr an leathanaigh

Leathanach roimhe seo

Fógra dlíthiúil | Cad atá nua? | Ceisteanna is minice | Faoi EUROPA | Innéacs | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh