Cuimsíonn an tAontas Eorpach (AE) grúpa de thíortha Eorpacha daonlathacha
atá ag obair as lámha a chéile i dtreo na síochána agus an rathúnais. Ní
Stát é a bheartaítear a chur in ionad na stát atá ann faoi láthair ach tá
níos mó i gceist leis ná díreach eagraíocht idirnáisiúnta eile. Go deimhin
níl a mhacasamhail le fáil. Tá comhinstitiúidí curtha ar bun ag a chuid
Ballstát a ndéanann siad cuid dá gceannasacht a tharmligean chucu . Sa chaoi
sin is féidir cinntí maidir le hábhair shonracha a bhfuil comhleas acu iontu
a dhéanamh go daonlathach ag leibhéal Eorpach.
Cuimsíonn mór-roinn na hEorpa go leor traidisiún éagsúil agus go leor
teangacha éagsúla, ach ag an am céanna tá luachanna comhpháirtíochta i
gceist léi chomh maith. Cosnaíonn an tAE na luachanna seo. Cothaíonn sé
comhoibriú idir muintir na hEorpa, cuireann sé aontacht chun cinn agus lena
linn sin déanann sé éagsúlacht a chothabháil agus cinntíonn sé go nglactar
cinntí ar leibhéal chomh gar do na saoránaigh agus is féidir.
I saol an 21ú haois, ina bhfuil an t-idirspleáchas ag dul i dtreis, beidh sé
níos tábhachtaí fós go gcomhoibreoidh gach saoránach Eorpach le daoine ó
thíortha eile de mheon fiosrachta, caoinfhulaingthe agus dlúthpháirtíochta.
Estas son las 23 lenguas oficiales de la UE, es decir, las que la UE utiliza en sus actividades. En este sitio puede oír ejemplos en boca de intérpretes de las instituciones de la UE. Pulse para saber más sobre las
lenguas en Europa y la
interpretación