Forbhreathnú
Príomhchathair: Vilnias
Teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh: an Liotuáinis
Ballstát de chuid an Aontais: ón 1 Bealtaine 2004
Airgeadra: an euro. Ball den limistéar euro ón 1 Eanáir 2015
Schengen: Ball de limistéar Schengen ón 21 Nollaig 2007
Figiúirí: Achar na tíre - daonra - olltáirgeacht intíre (OTI) per capita i gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC)
Córas polaitiúil
Poblacht pharlaiminteach í an Liotuáin ag a bhfuil ceann rialtais, an príomh-aire, agus ceann stáit, an t-uachtarán, a cheapann an príomh-aire. Is comhlacht reachtach í Parlaimint na hEorpa ina bhfuil aon teach amháin. Tá an tír roinnte ina 60 bardas, agus toghtar na méaraí go díreach.
An trádáil agus an geilleagar
Seo na hearnálacha ba mhó i ngeilleagar na Cróite in 2020: an trádáil mhórdhíola agus mhiondíola, seirbhísí iompair, cóiríochta agus bia (29.9%), an tionsclaíocht (20.5%) agus an córas riaracháin phoiblí, gníomhaíochtaí cosanta agus oideachais, sláinte an duine, agus gníomhaíochtaí oibre sóisialta (16.1%).
Is fiú 56% d’easpórtálacha na Liotuáine í trádáil laistigh den Aontas (an Laitvia 9%, an Ghearmáin 8% agus an Pholainn 6%), agus maidir le trádáil lasmuigh den Aontas, téann 13% d’easpórtálacha chun na Rúise agus 4 % go dtí na Stáit Aontaithe agus an Ríochta Aontaithe.
Ó thaobh iompórtálacha de, tagann 71% ó Bhallstáit an Aontais (an Ghearmáin agus an Pholainn 13% agus an Laitvia 8%), agus maidir le hiompórtálacha ó lasmuigh den Aontas, tagann 9% ón Rúis agus 4% ón tSín.
An Liotuáin san Aontas Eorpach
Parlaimint na hEorpa
Tá 11 Fheisire ag an Liotuáin i bParlaimint na hEorpa. Seo roinnt eolais faoi na Feisirí sin.
Oifig Pharlaimint na hEorpa sa Liotuáin
Comhairle an Aontais Eorpaigh
Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Bíonn ionadaithe as rialtas na Liotuáine i láthair go rialta ag cruinnithe na Comhairle. Ní hiad na hionadaithe céanna a bhíonn i láthair ag gach cruinniú – tá sin ag brath ar an réimse beartais.
Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Ní uachtarán buan amháin (fearacht Uachtaráin an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.
Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais.
Na tréimhsí a raibh an uachtaránacht faoi chúram na Liotuáine lena linn:
Iúil-Nollaig 2013
Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Uachtaránacht reatha Chomhairle an Aontais
An Coimisiún Eorpach
Is é Virginijus Sinkevičius an Coimisinéir atá ainmnithe ag an Liotuáin chuig an gCoimisiún Eorpach agus cúraimí an Chomhshaoil, na nAigéan agus an Iascaigh air.
Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin.
Ionadaíocht an Choimisiúin sa Liotuáin
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Tá 9 n-ionadaí ag an Liotuáin ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Faigheann na hinstitiúidí comhairle i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta sna Ballstáit.
Coiste Eorpach na Réigiún
Tá 9 n-ionadaí ag an Liotuáin ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais Eorpaigh d’ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Téann na hinstitiúidí i dteagmháil leis an gcoiste sin chun comhairle a fháil i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san Aontas i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.
Buanionadaíocht chuig an Aontas
Bíonn an Liotuáin i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh tríd an mbuanionadaíocht atá aici sa Bhruiséil. Sin ‘ambasáid na Liotuáine chuig an Aontas’ agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go bhfuil leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn go héifeachtach san Aontas.
Buiséid agus Maoiniú
Cá mhéad a íocann agus a fhaigheann an Liotuáin?
Déantar an méid atá le híoc ag gach tír de chuid an Aontais Eorpaigh a ríomh ar bhealach cothrom, de réir na n-acmhainní atá ag gach tír ar leith. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu – agus an bealach eile thart.
Níl sé d’aidhm ag buiséad an Aontais Eorpaigh an rachmas a athdháileadh, ach cuirtear béim ar riachtanais mhuintir na hEorpa ina n‑iomláine.
Figiúirí faoi bhuiséad, ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh:
- Buiséad an Aontais Eorpaigh
- Ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh de réir na bliana agus na tíre
Tionscadail sa Liotuáin a fuair maoiniú ón Aontas
An t-airgead a d’íoc an Liotuáin isteach i mbuiséad an Aontais, úsáidtear é le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais – m.sh. déanamh bóithre, maoiniú do thaighdeoirí agus cosaint an chomhshaoil.
Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann an maoiniú ón Aontas chun tairbhe don Liotuáin.